IMRAM 2009 IRISH LANGUAGE LITERATURE FESTIVAL
IMRAM
A Voyage of Discovery
FÉILE LITRÍOCHTA GAEILGE – BÍMIS AG IOMRAMH
CEILIÚRADH SA PHRÍOMHCHATHAIR
10 – 29 Meán Fómhair/September 2009
RAVE-RÁ
Nuair a chantar Mr Tambourine Man de chuid Bob Dylan sa Ghaeilge is é Fear an Bhodhráin é agus níl aon rud cearr leis sin. Ní hamháin gur spéis le IMRAM gach gné dár ndúchas; nithe atá lasmuigh dár ndúchas déantar iad a dhúchasú, a ghaelú agus a thabhairt abhaile. Bhí féile thar na bearta againn anuraidh agus na tithe lán gach
oíche. Tá clár uaillmhianach curtha le chéile againn i mbliana a shásóidh gach éinne, tá súil againn: léitheoireachtaí mar is gnáth, díospóireachtaí, ceardlanna, imeachtaí do na scoileanna, scannán, lainseálacha leabhar, coirmeacha ceoil. Beidh sé go diail! I measc na n-imeachtaí móra beidh oíche ómóis do phríomhéigeas na Gaeilge, Máire Mhac an tSaoi; mórfhilí Rúiseacha ón Ré Airgid tiontaithe go Gaeilge agus go Béarla agus, ar ndóigh, an Tionscadal Dylan, amhráin de chuid an Bhaird aistrithe go Gaeilge ag cuid de
mhórfhilí ár linne agus á gcur i láthair ag réaltóga glioscarnacha,
ina measc Liam Ó Maonlaí agus Steve Cooney.
‘Take me on a trip upon your magic swirlin' ship’ sings Bob Dylan in Mr Tambourine Man. It’s a lyric that sums up the ethos of IMRAM – to take its audiences on a spellbinding voyage into the realms of modern literature in Irish. Following on the success of IMRAM 2008, which saw full houses at every event, this year’s IMRAM has a
packed programme for all tastes, including readings, debates, workshops, events for schools, book launches and award ceremonies. Festival highlights include a special night in homage to Máire Mhac an tSaoi; the Russian poets of the Silver Age translated into Irish and English; and the Dylan Project, with the Bard’s songs translated by leading poets, and performed by a stellar
line-up including Liam Ó Maonlaí and Steve Cooney.
IMRAM cordially extends an invitation to its audiences to join us once again, to ‘dance beneath the diamond sky’ in celebration of the very best writing in Ireland.
LIAM CARSON
IMRAM 2009 Irish Language Literature Festival Ceiliúradh sa Phríomhchathair 10 – 29 Meán Fómhair/September 2009 | ||||||||
| ||||||||
0 comments:
Post a Comment